Don't follow BIg Brother is ...

UMgqibelo, Mashi 12, 2011

Fáinne Geal an Lae

Maidin moch do ghabhas amach,
Ar bruach Locha Léin;
An Samhradh teacht's an chraobh len'ais,
Is ionrach te ón ngréin,
Ar thaisteal dom trí bhailte
poirt is bánta mine réidhe,
Cé a gheobhainn le máis ach an chúileann deas,
Le fáinne geal an lae.
Ní raibh bróg ná stoca, caidhp ná clóc;
Ar mo stóirin óg ón spéir,
Ach folt fionn órga sios go troigh,
Ag fás go barr an théir.
Bhí calán crúite aici ina glaic,
'S ar dhrúcht ba dheas a scéimh,
Do rug barr gean ar Bhéineas deas,
Le fáinne geal an lae.
Do shuigh an bhrideog sios le m'ais,
Ar bhrinse glas den fhéar,
Ag magadh léi bhios dá maiomh go pras,
Mar mhnaoi nach scarfainn léi.
'S é dúirt í liomsa, "imigh uaim,
Is scaoil ar siúl mé a réic",
Sin iad aneas na soilse ag teacht,
Le fáinne geal an lae.



Trasna